Website by JMS WebDesign



Loughanure School to be officially opened on Thursday April 6th at 1 p.m.

The official opening of the new rooms at Scoil Eoin Pól (Loughanure National School) will take place on Thursday, April 6th at 1 p.m. following a campaign that saw parents and students spend three weeks protesting outside the building in October 2003.
The opening will be performed by Minister of State Pat the Cope Gallagher TD who was among many who played a central role in ensuring works be carried out at the 1929 building. Bishop Philip Boyce will also bless the new building on the day.
Parents removed the children in October 2003 because of overcrowding, health and safety concerns and fears over high radon gas levels. For three weeks they protested outside the school until the Department of Education finally yielded and gave the go ahead to relocate to the Irish College until repairs were carried out at the school. In December of that year the school was included in the Department’s devolved scheme and a grant of 300,000 allocated.
Within weeks the parents committee initiated a major fundraising drive to raise additional funding and this ensured the works were carried out to a high standard. The children returned to the completely renovated building and the three new classrooms on August 30th last year.
An open invitation is extended to the people of Loughanure and past pupils to attend the function. A number of students from 1929, the year the school first opened, that have been identified to the school authorities will also attend. These are the students who would have walked from the old school at Bun na Cri to the new building on November 4th of that year. A 16-page commemorative booklet is being published to coincide with the event and it will be available at the school on the day.
Eoin Mc Garvey, Secretary of the Parents Committee gives us a preview of some of what is featured in the commemorative booklet.

Famous students:
Loughanure school has seen thousands of students pass through its doors since 1929 many of whom have gone on to bigger and better things. Two of these who feature in the commemorative booklet are well known writers Niall Ó Dónaill and Tadhg Ó Rabhartaigh.

Niall Ó Dónaill:
Rugadh Niall ó Dónaill i mBarr na hAilte i Loch an Iúir sa bhliain 1908. Chuaigh sé go Coláiste Adhamhnáin, Leitir Ceanainn agus go Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. B’é bhí ina phríomh eagarthóir ar Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill. Ní raibh Niall ina thost i rith an ama seo ach an oiread, mar gur scríobh sé ‘Bruigheann Féile’ atá ag baint go mór le seansaol Loch an Iúir agus an ceantar máguaird. I 1952 tháinig, ‘Na Glúnta Rosannacha’ amach, leabhar ar a bhfuil ráchairt mhór go fóill. Fuair sé bás i 1995.

Tadhg Ó Rabhartaigh:
Scríbhneoir mór eile ab é Tadhg ó Rabhartaigh a raibh baint mhór aige le scoil Loch an Iúir, mar scoláire agus mar mhúinteoir sa cheardscoil i ndeireadh a shaoil. Rugadh é i 1909. Bhí sé ina chol-cheathrar ag Niall ó Dónaill. I measc na leabhair a scríobh sé le linn a shaol bhí ‘Mian na Marbh’, ‘Thiar i nGleann Ceo’ agus ‘Gasúr de Chuid Bhaile na nGrág’. Rinne sé go leor obair aistriúchán chomh maith le linn a shaol. Fuair sé bás i 1982.

Here Sean F. Mac Grianna and Sean Mac Suibhne, former students give a brief history of both schools.

An Sean Scoil (le Sean F. Mac Grianna)
Tógadh an sean scoil ag Bun na Crí i Loch an Iúir san bhliain 1860. Teach ceann tuí a bhí ann a bhí 44 troigh ar fad agus 17 ar leithead. Cuireadh tuí gach bliain air agus leagadh an máistir amach lá a bheadh fóirsteanach. Ní raibh mórán fuacht sa scoil mar go raibh dhá thine mhóra inti ar feadh an gheimhridh ach amháin nuair a bhíodh an ghaoth aniar nuair a chaithfidh na tinte a chur as nó phlúchfaí gach duine sa scoil leis an séideadh anuas. Bhí móin fairsing san am sin agus bheireadh na páistí cúpla fód faoina ascaill na scoile gach lá...athruithe móra gan dabht!
Bheireann figiúirí 1904 le fios go raibh 81 ar na rollaí, i 1908 bhí 55; i 1927 bhí líon ard de 146 ar scoil i Loch an Iúir, agus i 1929, an bhliain a d'oscail an scoil atá againn faoi láthair bhí 128 ar na rollaí. Beirt de na scoláirí a d'fhreastal ar an scoil agus a bhain clú amach nó an foclóirí agus scríbhneoir Niall ó Dónaill nach maireann agus an scríbhneoir Tadhg ó Rabhartaigh.
Sa bhliain 1928 thosaigh an obair leis an scoil úr a thógáil. Druideadh an sean scoil ar an mhaidin den 4ú Samhain 1929 agus osclóidh an scoil úr an lá ceanna. Shiúl na scoláirí agus na múinteoirí ón sean scoil fhad leis an scoil úr.
Na múinteoirí a bhí sa sean scoil: Séan Mac Giolla Bhríde, Cornelius Ó Baoill, Micheál Ó Searcaigh,
Proinsias Ó Searcaigh, Pádraig Mac Cullach, Seamus Ó Searcaigh, Biddy Mhuiris Neddie, Aodh Mac Fhionnghaile, Michael Mac Fhionnghaile, Seamus Mac Fhionnghaile, Proinsias Mac Fhionnghaile, Miss Bradley, Miss Brown, Miss Calhoun agus Pádraig Ó Baoill.

An Scoil Úr (le Seán Mac Suibhne)
Ar an 4ú lá do mhí na Samhna 1929 druideadh an sean scoil ag Bun na Crí agus shiúl na páistí agus na múinteoirí an trí chead slat go dtí an scoil úr.
Scoil trí sheomra breá mór le leithreas tirim amuigh agus umar le uisce a cheapadh on díon. Is furasta a samhlódh an t-áthas i gcroí na ndaltaí agus na múinteoirí ag fágáil an sean scoil ina raibh ar dhá mhúinteoir beith ag múnadh i seomra amháin. B’é an Athair ó Canain a d’oscail an scoil go hoifigiúil agus bhí 128 dalta ar na rollaí, an lion is mo a bhí ar an scoil úr riamh. Pádraig Mac Giolla Bhríde (An Máistir Mór) a bhí mar phríomh oide agus a bhean céile Miss Harte an máistreás. Tháinig Siúbhán (Eithne) Harte as Co. Fhir Manach ó dhúchais go Loch an Iúir mar múinteoir agus phós sí an Máistir Mór. Maraíodh an Máistir Mór go tragóideach ar a bhealach as an Chlochán Liath ar an 27ú Eanáir 1940. Tháinig Seosamh ó Searcaigh as Anagaire mar múinteoir cúnta ndiaidh bás an Máistir Mór agus bhí sé ann sé mhí i 1940.
Nuair a d’oscail an scoil arís i mí Mean Fómhair na bliana sin b’é Pádraig ó Dónaill (Paddy Johnny Sheáin) a bhí mar phríomhoide. Theagasc Seán Mac Suibhne, nia do ó am go h-am. Scoil trí oide a bhí ann ag an am sin agus bhí Lizzy ó Dónaill, deirfiúr an mháistir, ag teagasc chomh maith. Ag deireadh na daicheadaí d’aistrí Lizzy go scoil Beal na Cruite agus tháinig Seán ó Domhnall (Johnny Eoghan Phádraig) in háit. Nuair a d’aistrí Pádraig ó Dónaill go Mullach Dubh, rinneadh príomh oide don Seán ó Dónaill agus bhí Siúbhán (Eithne) Nic Giolla Bhríde mar máistreás. I 1954 d’éirigh sí as. Bhí roinnt múinteoirí ina háit go sealadach, ina measc Molly Uí Shearcaigh as Ceann Caslach, go dtáinig Sorcha Ní Fhéaraigh as Cill Ulta. D’éirigh an Máistir Seán ó Domhnall as i 1979 agus Sorcha Ní Fhéaraigh i 1989. Tháinig Seán Anraí ó Gallchóir as Gaoth Dobhair in ait an máistir agus Caitríona Ní Dhomhnaill as Rann na Feirste a tháinig in ait an máistreás. Ceapadh Ann Marie Ní Ghallachóir mar an tríú cúntóir i 1992. Ghlac Caitlin Uí Rabhartaigh a h-áit i 1993. Chaith Seán Anraí ocht mbliana déag sa scoil agus nuair a d'éirigh sé as i 1997 ceapadh Caitríona mar phríomhoide agus Máiread Nic Suibhne mar an tríú cúntóir. Tháinig Micheál ó Fearraigh mar phríomhoide i 2000 nuair a d’imigh Caitríona le post cigireacht. Nuair a d’aistrí Micheál i 2003 b’í Mairéad Nic Suibhne as Cnoc a Stollaire a ceapadh mar phríomhoide, le Caitlin Ní Rabhartaigh agus Pól ó Searcaigh mar fhoireann. ‘Cha dtáinig mórán athrú ar an scoil go dtí na seascaidí nuair a cuireadh dabhach séarachais agus leithreas le uisce in ait na leithreas tirim. Ag tús na ochtóidí cuireadh méadú le tosach na scoile agus cuireadh leithreas uisce faoi díon. Sa bhliain ceiliúr seo 2006 tharla cúpla rud stairiúil nuair a ceapadh an ceathrú múinteoir don chead uair riamh, Dathaí Mac Roibeard mar Mhúinteoir Tacaíocht Foghlama. Chaith Caitríona Uí Dhugain as Mín na Leice seal fada mar Mhúinteoir Tacaíocht Foghlama sa scoil agus Ann Marie Nic Giolla Bhríde as Doire na Mainséar mar Mhúinteoir Acmhainne. Tá Fiona Nic Suibhne mar Cordnoir Tuaithe agus ‘sí Maire Ní Luadhóg atá mar Cúntóir Ranga. Fosta an bhliain stairiúil seo, tá saothair an fhoireann múinteoireachta, an bord bainistíocht, agus coiste na dtuismitheoirí ag teacht chun críoch le osclódh oifigiúil an scoil úr corraithe. Cuireadh suas feachtas fíochmhar le trí bliana anuas leis an scoil a chuir ar ceann de na scoilteacha is nua aimsirí sa tír, rud ata tuillte go maith ag na múinteoirí, na tuismitheoirí agus go speisialta, na daltaí i Scoil Náisiúnta Loch an Iúir.
I measc na múinteoirí a bhí sa scoil úr thar na mblianta bhí: Pádraig Mac Giolla Bhríde, Siubhán (Eithne) Nic Giolla Bhríde, Aodh Mac Fhionnghaile, Pádraig ó Dónaill, Lizzy Uí Dhónaill, Seosamh ó Searcaigh, Séan Mac Suibhne, Molly Uí Shearcaigh, Sorcha Ní Fhéaraigh, Séan ó Dónaill, Séan Anraí ó Gallachóir, Caitríona Ní Dhónaill agus Micheál ó Féarraigh.
Inniu is iad an fhoireann atá sa scoil nó, Máiread Nic Suibhne (Príomhoide), Caitlín Ní Rabhartaigh (Leas-Phríomhoide), Pól ó Searcaigh (Múinteoir Ranga), Daithí Mac Roibeard (Múinteoir Tacaíochta Foghlamtha), Anne M Nic Suibhne (Múinteoir Tacaíochta Foghlamtha Rannta), Fiona Nic Suibhne (Múinteoir faoi Scéim Mí Bhuntáiste), Máire Uí Luadhóg (Cúntóir Ranga), Gearóidín Breathnach (Cúntóir Teanga), agus Phil ó Beirne (Glantóir).


Céad míle fáilte chuig suíomh idirlíon Scoil Náisiúnta Loch an Iúir.
Mar is eol daoibh bhí athruithe móra ag tarlú le tamall ag an scoil.
Bhí trí sheomra ranga úra le tógáil agus obair fheabhsúcháin le déanamh ar an tsean fhoirgneamh.
Ar an 30ú Lúnasa 2005 chuaigh muid uilig árais go dtí an fhoirgneamh úr agus is orainn a bhí an lúcháir. (Féach tuairisc agus pictiúirí).
Ghlac sé cuid mhór airgead agus tá muid buíoch do gach duine a bhí fial flaithiúil go dtí seo. Más mian leat cuidiú linn go fóill ar dhóigh ar bith tá deis sin a dhéanamh fríd an suíomh seo.
Tá súil agam go mbainfidh sibh sult as na pictiúir atá sa 'Ghailearaí' agus tá seans go n-aithneoidh sibh cúpla aghaidh!
Chomh maith le seo beidh deis agaibh obair na bpaistí a fheiceáil fosta go rialta. Beidh siad ag cur pictiúir, dánta agus scríbhneoireacht de na gcuid ar an 'web' go minic.
Bainigí sult as bhur dturas ar ais go Scoil Náisiúnta Loch an Iúir. ár mbuíochas do John Michael Mac Suibhne as Loch an Iúir, iar-scoláire de chuid na scoile, a chur an suíomh seo le chéile agus atá sásta é a choinneáil suas chun dáta dúinn ar chostas ar bith.


Príomh Oide.



Welcome one and all to Loughanure National School's website.
As you probably know there were big changes in the pipeline for Loughanure National School with the building of three new classrooms and refurbishment of the existing building. This work was completed just before the end of August and on Tuesday, August 30th 2005 the children and teachers returned to the new premises. (See report and photographs). The work took a lot of money and time and we were grant aided by the Department of Education we still continued to raise funds and succeeded in raising just under €55,000 (includes parish donation). We're grateful to everyone for their generosity to date and anyone wishing to contribute to help clear outstanding debts or help with the provision of various types of equipment etc can still do so through the 'renovations' link on the website.
We do hope you enjoy browsing through the various sections of the site looking at photographs - old and new - and no doubt you'll recognise some of the faces!
We will on a regular basis be featuring works by the pupils at the school including drawings, poems and various writings.
Enjoy your visit to Loughanure National School and please do pass on or website address to friends and relatives at home and abroad. Please also feel free to leave a message in the 'guest book' section.
We're extremely grateful to local web designer John Michael Sweeney, a former pupil, for designing this site and keeping it updated at no cost to the school.


Secretary/PRO, Parents' Committee.

 

HOME - HISTORY - STUDENTS - PROTEST - DONATIONS - GUESTBOOK - EVENTS - PHOTOGRAPHS - CONTACT US - TELL-A-FRIEND
Guestbook Donations Protest Students History Home History Photographs Contact Us Tell-A-Friend Events