|
 |
; |
|

LADIES AND GENTS FIXTURE LISTS ADDED 21st February 2008
FEES AND BOOKING SECTION UPDATED 27th February 2008
|
Fáilte go suímh oifigiúil Ghalf Chumann Ghaoth Dobhair.
Bunaíodh Galf Chumann Ghaoth Dobhair sa bhliain 1926 agus tá sé suite i
gcroílár na Gaeltachta sa choirnéal thiar thuaidh de Dhún na nGall i
bparóiste Ghaoth Dobhair, tríocha míle ó Leitir Ceanainn agus caoga míle ó
Bhaile Dhún nGall.
Imrítear an cúrsa seo 9 bpoll, par 71 i rith na bliana agus tá cuid de na
radhairc is áille i nDún na nGall le feiceáil uaidh mar gheall go bhfuil an
fharraige ar thaobh amháin de agus an Earagail ar an taobh eile. Tá na
taillí plásóige réasúnta agus cuirtear fáilte roimh ghrúpaí agus
cuairteoirí, an mhórchuid acu filleann gach bliain go háirithe muintir na Sé
Contaetha.
Tá áfach 200 ball sa Chlub idir mná, fir agus na sóisir agus cuirtear béim
mhór ar pholasaí na sóisir sa Chlub. Tá luach mheasartha ar tháillí
ballraíochta agus cuirtear lascaine mhaith ar fáil do thosaitheoirí. Bíonn
comórtaisí ar siúl gach deireadh seachtaine agus bíonn Lá na mBan ar siúl
gach Céadaoin.
Bíonn an club páirteach i gcomórtaisí éagsúil i rith na bliana mar Sraith na
Gaeltachta, Sraith Dhún na nGall, Sraith Mhionúr Dhún na nGall, Corn Uladh,
na sóisir páirteach i gComórtas Fheargal ó Dálaigh agus na mná páirteach i
gComórtas Mhaura Uí Dhomhnaill chomh maith le Comhar na mBan.
Don bhliain 2005 ba Seán P. Ó Gallchóir a toghadh mar Chaiftín, Caitlín Mhic
Ruairí, Banchaiftín agus Cathal Ó Cuilinn, Uachtarán an Chlub.
|
|


|
|
|
|